Paca Gníomhaíochtaí um Uirlisí ar son na Dlúthpháirtíochta
Is é an aidhm atá ag an Phaca Gníomhaíochtaí seo de chuid Uirlisí ar son na Dlúthpháirtíochta (Tools For Solidarity / TFS), ná na topaicí a chlúdaítear i mbunscoileanna mar pháirt den chlár um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) de chuid na heagraíochta a neartú. Cuimsítear leo siúd: bochtanas, cóirthrádáil, neamhionannas, acmhainní agus inbhuanaitheacht agus an saol sa Tansáin. Sin ráite, is féidir le hoideoirí, múinteoirí agus ceannairí óige an paca gníomhaíochtaí seo a úsáid go neamhspleách ar an chlár, nó mar acmhainn foghlama baile.
Cé go raibh roinnt mhaith de na gníomhaíochtaí ceaptha ag TFS, glacadh roinnt eile ó bhfoinsí eile. Léirítear na foinsí seo ag bun na leathanach ábhartha. Tá raon leathan áiseanna teagaisc úsáideacha ag na suíomhanna gréasáin léirithe. Tá súil againn go mbainfidh tú sult as na gníomhaíochtaí!